35.7
Uaireanta ní léir ón gclaoninsint ar abairt cad é téarma an fhorainmnigh murab
eol an comhthéacs.
D'fhéadfadh an abairt
'dúirt sé go gcabhródh sé leis'
bheith ina claoninsint ar aon abairt acu seo :
- cabhróidh mé leat (leis)
- cabhróidh tú liom (leis)
- cabhróidh sé liom (leat, leis) etc.
Ach is gnách go léiríonn an comhthéacs é.
Mar shampla, san abairt seo a leanas:
nuair a mhínigh Dónall do Chathal
nach raibh aon duine ann ach Cathal chun
cabhrú le Conchúr,
dúirt Cathal go gcabhródh sé leis.
Is léir gur claoninsint ar
'cabhróidh mé leis' atá sa chlásal deireanach.
Mura leor an comhthéacs chun brí na claoninsinte a dhéanamh soiléir is minic a
úsáidtear ainmfhocal thar ceann forainmnigh cé go mb'fhéidir nach mbeadh sin san
insint bhunaidh:
- "thabharfainn fiche punt duitse agus dhá phunt dósan, a Liam"
- dúirt sé le Liam go dtabharfadh sé fiche punt do Liam agus dhá phunt dósan
(don duine eile).
Mar an gcéanna déantar ainmfhocal a athlua chun múnla neamhchoitianta a
sheachaint:
- "thiocfadh liom féin agus leatsa an cleamhnas a dhéanamh, a rí"
- dúirt an luch leis an rí go dtiocfadh leis féin agus leis an rí an cleamhnas
a dhéanamh.
Uaireanta ní mór an forainm treise
- féin
a úsáid le forainmneach sa chlaoninsint
in áit na hiarmhíre treise,
agus uaireanta eile ní mór an
- iarmhír threise
a úsáid in ionad féin.
Sin toisc go bhfuil
féin
aisbhreathnaitheach agus nach bhfuil
an iarmhír threise
aisbhreathnaitheach.
Cuir i gcomparáid na cásanna seo a leanas
- (i) Déanfaidh mise é.
- Dúirt Tomás go ndéanfadh sé féin é.
(ii)
- Déanfaidh mé féin é.
- Dúirt Tomás go ndéanfadh sé féin é.
(iii)
- Déanfaidh seisean é.
- Dúirt Tomás go ndéanfadh seisean é.
(iv)
- Déanfaidh sé féin é.
- Dúirt Tomás go ndéanfadh seisean é.
Sna claoninsintí is do Thomás a thagraíonn
sé féin (aisbhreathnaitheach)
do dhuine éigin eile a thagraíonn
seisean.