An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

35.8

Athruithe Ar Ordaitheach Na hInsinte Dírí

An dara pearsa den bhriathar agus an saorbhriathar:

- [Ná -+] briathar gan chuspóir -> [gan +] ainm briathartha:

- Éirigh [, a Stiofáin]
- dúirt sé [le Stiofán] éirí.

- Suígí [, a leanaí]
- dúirt sí [leis na leanaí -] suí.

- Éistear leis
- dúirt sí éisteacht leis.

- Ná stad [,a Éamainn]

- dúirt Eoin [le h-Éamann] gan stad.

- Ná héirígí [, a chairde ]
- d'iarr sí [ar a cairde -] gan éirí.

- Ná moillítear
- deir an fógra gan moilliú.

- [Ná -+] briathar + cuspóir -> [gan -+] cuspóir + a (réamhfhocal) + ainm
briathartha, go hiondúil.
- Las an solas -[, a chailín]
- dúirt sé [leis an gcailín -] an solas a lasadh.

- Ithigí bhur gcuid [,a leanaí -]
- d'iarr sí ar na leanaí a gcuid a ithe.

- Ligtear isteach mé
- d'iarr sé é a ligean isteach.

- Ná bris iad [, a Cháit]
- dúirt mo mháthair [le Cáit -] gan iad a bhriseadh.

- Ná labhraígí focal [, a fheara]
- d'ordaigh sé [do na fir] gan focal a labhairt.

- Ná hosclaítear an doras
- d'ordaigh sé gan an doras a oscailt.