35.12
An chéad phearsa agus an tríú pearsa den bhriathar
- [Ná -+] briathar gan chuspóir + gníomhaí -> [gan +] gníomhaí + a (réamhfhocal)
+ ainm briathartha.
- Suíodh sé (suímis, suídís)
- dúirt Lil é (iad, iad) a shuí.
- Ná suíodh sé (suímis, suídís)
- dúirt Lil gan é (iad, iad) a shuí.
Ní gnách claoninsint a dhéanamh ar ordú ina bhfuil an chéad phearsa uatha de
bhriathar gan chuspóir:
- "Ná beirim ortsa san úllord seo arís, -" arsa an garda
- "Fanaim i mo thost, an ea? -" a dúirt sé.
Tá dhá shlí ann chun an chlaoninsint a dhéanamh nuair a ghabhann cuspóir (atá
ina ainmfhocal) leis an mbriathar.
- [Ná -+] briathar + gníomhaí + cuspóir -> [gan +] gníomhaí + a (réamhfhocal) +
ainm briathartha + ginideach an chuspóra.
- Tógadh Déaglán an teach
- dúirt sí Déaglán a thógáil an tí.
- Ná brisimis (brisidís) na cupáin
- dúirt sí gan iad a bhriseadh na gcupán.
- Ná cloisim focal asaibh
- dúirt Síle gan í a chloisteáil focail astu.
- [Ná -+] briathar + gníomhaí + cuspóir -> [gan -+] gníomhaí + cuspóir + a
(réamhfhocal) + ainm briathartha:
- dúirt sí Déaglán an teach a thógáil
- dúirt sí gan iad na cupáin a bhriseadh
- dúirt Síle gan í focal a chloisteáil astu.
Is minice anois a úsáidtear an múnla thuas ná an ceann roimhe
nó tugtar éirim na cainte mar atá léirithe in 35.10.
Mar an gcéanna más forainm pearsanta an cuspóir tá dhá shlí ann chun an
chlaoninsint a dhéanamh.
- [Ná -+] briathar + gníomhaí + cuspóir -> [gan +] gníomhaí + cumasc den
réamhfhocal do agus aidiacht shealbhach a ghéilleann don fhorainm pearsanta in
uimhir, i bpearsa agus in inscne + ainm briathartha:
- Tógadh Déaglán é
- dúirt sí Déaglán a thógáil
- Ná feicim arís iad
- dúirt sí gan í a bhfeiceáil arís.
- [Ná +] briathar + gníomhaí + cuspóir + [gan +] gníomhaí + cuspóir (forainm
pearsanta) + a (réamhfhocal) + ainm briathartha:
- Dúirt sí Déaglán é a thógáil
- dúirt sí gan í iad a fheiceáil arís.
Is minice anois a úsáidtear an múnla thuas ná an ceann roimhe tugtar éirim na
cainte mar atá léirithe in 35.10.
Más frása ainm bhriathartha nó clásal an cuspóir:
- [Ná +] + briathar + gníomhaí + cuspóir + [gan +] gníomhaí + a (réamhfhocal) +
ainm briathartha + cuspóir:
- Moladh an cisteoir an t-airgead a roinnt
- dúirt sé an cisteoir a mholadh an t-airgead a roinnt.
- Socraídís go roinnfear an t-airgead
- dúirt sé iad a shocrú go roinnfí an t-airgead.
- Ná ceapaimis gur amadán é
- dúirt sí gan iad a cheapadh gurbh amadán é.
Seo malairt insinte ar chuid de na claoninsintí thuas:
- dúirt sí gur chóir do Dhéaglán an teach a thógáil
- dúirt sí go gcaithfeadh Déaglán é a thógáil
- d'ordaigh sí dóibh gan teacht ar a hamharc arís
- d'iarr sé go molfadh an cainteoir an t-airgead a roinnt
- dúirt sé gur cheart dóibh a shocrú go roinnfí an t-airgead.