An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

35.13
An Foshuiteach Guítheach San Insint Dhíreach

Is féidir claoninsint a chur ar ghuí mar a dhéantar i gcás an mhodha ordaithigh.
- Nár fhille siad
- ghuigh sí gan iad filleadh.

- Go n-éirí an turas libh
- ghuigh sé an turas [a] éirí leo.

- Go dtachta an t-iasc thú
- ghuigh sí an t-iasc á thachtadh (é a thachtadh).
- Nár lagaí Dia lámh Sheáin
- d'iarr sí gan Dia lámh Sheáin a lagú.