35.14
Má tá an briathar in easnamh san insint dhíreach níl le déanamh sa chlaoninsint
go hiondúil ach cibé athrú is gá ar na forainmnigh.
- Imeacht gan teacht ort!
- ghuigh sí imeacht gan teacht air.
- Dia dár sábháil!
- d'iarr sé Dia á sábháil.
- Faoi choimirce an Rí thú
- ghuigh sí faoi choimirce an Rí é.
- Slán leat
- chuir sí slán leis.
- Slán agaibh, a fheara
- d'fhág sí slán ag na fir.