35.16
Na Modhanna Eile San Insint Dhíreach
Sa chlaoninsint déantar fochlásal ráiteasach de phríomhchlásal ráiteasach.
- Tá mé tinn
- deir sé go bhfuil sé tinn.
- Gheobhainn bás ann
- dúirt Mairéad go bhfaigheadh sí bás ann.
- Chonaic sí taibhse
- dúirt Bríd go bhfaca sí taibhse.
- Níor chualathas an clog
- dúradh (dúirt sé, sí) nár chualathas an clog.
- Ba é mo mhac é
- dúirt Síle gurbh é a mac é.