35.17
Is gnách foirm an fhoclásail ráiteasaigh a úsáid faoi dhó in abairtí dar múnla:
- faisnéis + is ea + ainmní:
- Capall is ea é.
- deir sí gur capall gurb ea é.
- Amadán ba ea Seán
- dúirt Seosamh gur amadán gurbh ea Seán.
- In Albain is ea rugadh í.
- dúirt Oscar gur in Albain gurbh ea a rugadh í.
Ní gá an chéad gur -(bh) nuair a thagann frásaí áirithe agus clásail ama roimh
is ea.
- Dá luaithe is ea is fearr
- deir sé dá luaithe gurb ea is fearr.
- Nuair a dhúisigh mé is ea a scanraíodh mé.
- dúirt sí nuair a dhúisigh sí gurbh ea a scanraíodh í.