An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

35.18

Déantar fochlásal ráiteasach freisin de chlásal cúise ar lorg arae, mar, nó, óir
mura bhfuil fochlásal ráiteasach ar a lorg cheana féin (31.1).
- D'fhan sé sa leaba arae (etc.) bhí sé tinn
- dúirt sí gur fhan sé sa leaba arae (etc.) go raibh sé tinn.
- Fan thíos óir ní baol duit
- d'agair sí é fanacht thíos óir nár bhaol dó.