An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

35.20

Más aimsir stairiúil atá sa bhriathar réamhrá, is iondúil aimsirí príomha na
hinsinte dírí a athrú de réir rialacha 15.23-24.

Ní athraítear aimsirí atá stairiúil cheana féin.

- Tá sé istigh
- dúirt sí go raibh sé istigh.

- Téann na garsúin an cóngar
- dúirt sé go dtéadh na garsúin an cóngar.

Má thagann tú gheobhaidh tú iad
- dúirt Séamas dá dtiocfadh sí go bhfaigheadh sí iad.

- Tiocfaidh Ciarán sula n-imeoidh Peig
- dúirt mé go dtiocfadh Ciarán sula n-imeodh Peig.

- Fan go bhfeice mé
- dúirt Máire liom fanacht go bhfeic- -[f]eadh sí.