35.21
Má tá rogha dhá aimsir san insint dhíreach idir an fáistineach agus an
foshuiteach láithreach, nó idir an coinníollach agus an foshuiteach caite, tá an
rogha chéanna ann san aistriú go claoninsint.
Léiríonn an sampla deireanach thuas an méid sin.
Ach is minic nach ndéantar aimsir stairiúil d'aimsir phríomha i gcás na copaile
i dtosach abairtí treise dar múnla copail + faisnéis + clásal coibhneasta, nó
nuair is fíoras atá neamhspleách ar am na cainte atá san insint dhíreach:
- tá Dia sna flaithis
- dúirt an sagart go bhfuil Dia sna flaithis.
Athrú Ar Na Dobhriathra Ama