An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

35.24
Clásail Intriachtúla

Is gnách clásail intriachtúla a fhágáil gan athrú sa chlaoninsint ach amháin
athruithe pearsan agus aimsire, agus aon athrú eile a dhéanamh orthu mar a
dhéanfaí i gcás fochlásail atá gaolmhar leo:
- Má chluineann sí thú!
- dá gcluin -[f-] eadh sí é!
- Mura tú an óinseach!
- murarbh í an óinseach í!
- M'anam go rachaidh mé!
- thug sé a anam go rachadh sé.
- Dar an leabhar nach bhfaca mé iad!
- thug sé an leabhar nach bhfaca sé iad.

Ní gá focail intriachtúla a choinneáil sa chlaoninsint mura bhfuil gnó díobh.

Féach mar atá feicim agus anois ligthe ar lár sa chéad chlaoninsint leanúnach
thíos (35.26).