35.23
Athrú Ar Na Focail Thaispeántacha
Más sa tríú pearsa ar fad atá an focal réamhrá agus an chlaoninsint is gnách na
hathruithe seo a leanas ar na focail thaispeántacha (an fhoirm nua faoi
lúibíní):
- anseo (ansin, ansiúd, ann)
- an aidiacht seo (sin, úd)
- an forainm seo (sin, siúd) seo i bhfritéis le sin (sin i bhfritéis le úd, siúd) 352
- Níl an feidhmeannach anseo
- deir cailín an teileafóin nach bhfuil an feidhmeannach ann.
- Tabhair hata dó seo agus caipín dó sin.
- dúirt fear an tsiopa léi hata a thabhairt dó sin agus caipín dó siúd
Ach is féidir an chlaoninsint a chasadh ar shlite éagsúla d'fhonn soiléire:
- Tá sí seo tuirseach
- dúirt A le B go raibh an ghirseach tuirseach.
Déantar athruithe ar leith sa chlaoninsint ar abairtí copaileacha áirithe ina
bhfuil seo, sin, siúd.