35.26
Níl sé riachtanach ná inmholta briathar réamhrá a chur roimh gach abairt i
gclaoninsint ar shliocht leanúnach.
Nuair a úsáidtear focal réamhrá is maith an rud é a athrú anois agus arís
d'fhonn na héagsúlachta, go háirithe nuair a thagann athrú atmaisféir
(meon,tocht, luas, etc.) - tocht, luas, etc.) ar an insint dhíreach.
Ba chóir iarracht a dhéanamh ar an gclaoninsint a bheith cruinn, nádúrtha,
soiléir, soléite.
Tá roinnt samplaí anseo thíos de chlaoninsint ar shleachta leanúnacha sa tríú
pearsa ar lorg briathair réamhrá stairiúil.
a)
- "Feicim," arsa an Sagart Mór le Bríd. "Anois imigh agus déan mar a iarrfaidh
mise ort. Tabhair leat do Choróin Mhuire agus do bhata agus gabh síos chun na
trá go dtí an áit a dtagann an ghirseach chugat. Déan fáinne leis an bhata sa
ghaineamh, in Ainm an Athar, an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Gabh ar do
ghlúine istigh ina lár nuair a fheicfidh tú an ghirseach ag teacht, agus
tosaigh ar an phaidrín. Iarr uirthi teacht isteach chugat, agus má dhéanann sí
sin, féadann tú bheith cinnte go bhfuil sí ceart go leor. Ach mura dtaga,
diabhal as ifreann atá inti. Cuir ceist uirthi cé hí féin agus caithfidh sí a
insint duit. Más é an diabhal atá ann ordaigh síos é go dtí an áit a d'fhág
sé."
- An chlaoninsint: D'iarr an Sagart Mór ar Bhríd imeacht agus déanamh mar a
d'iarrfadh sé féin uirthi. A Coróin Mhuire agus a bata a thabhairt léi agus
gabháil (dul) síos chun na trá go dtí an áit a dtagadh an ghirseach chuici,
agus fáinne a dhéanamh leis an bhata sa ghaineamh, in Ainm an Athar, an Mhic
agus an Spioraid Naoimh. Dúirt sé léi dul ar a glúine istigh ina lár nuair a
d'fheicfeadh sí an ghirseach ag teacht, agus tosú ar an phaidrín. A iarraidh
uirthi [ansin] teacht isteach chuici agus dá ndéanfadh (dá ndéanadh) an
ghirseach sin, go bhféadfadh Bríd bheith cinnte go raibh an ghirseach ceart go
leor. Ach mura dtagadh (dtiocfadh), gur diabhal as Ifreann a bhí inti. Dúirt
sé léi ansin ceist a chur uirthi cérbh í féin agus go gcaithfeadh an ghirseach
a insint di. Má ba é (más é) an diabhal a bhí ann é a ordú síos go dtí an áit
a d'fhág sé.
b)
"Chomh siúráilte agus atá bianna ar mhaide bacaigh," arsa Cormac, "is i ndiaidh
an tSíogaí atá sí imithe agus ní le grá dó é, ná mar mhaithe leis. Is iomaí
cleas glic a dhein sé i gcaitheamh a shaoil, ach tugaim mo lámh is m'fhocal dó
gurb é cleas is tinne dó dár dhein sé riamh an bob a bhuail sé ar Shadhbh lá an
aonaigh.
Más ina dhiaidh atá sí imithe, agus is ea, dá dtéadh sé isteach i bpoll
tarathair i bhfolach uaithi ní dhéanfaidh sé an gnó dó.
Tiocfaidh sí siúd suas leis agus cuirfidh sí carbhat caol air chomh siúráilte
agus atá scornach air.
Bain an chluas anuas ón gceann díom mura gcuire.
Is dóigh liom dá mbeadh a fhios aige cad é an saghas í go ngabhfadh sé thairsti.
Tá sé déanach anois aige."
An chlaoninsint:
Dúirt Cormac gur i ndiaidh an tSíogaí a bhí sí imithe, chomh siúráilte agus a
bhí bianna ar mhaide bacaigh, agus nach le grá dó é ná mar mhaithe leis.
Dúirt sé gurbh iomaí cleas glic a dhein an Síogaí i gcaitheamh a shaoil ach
dhearbhaigh sé gurbh é cleas ba thinne dó dár dhein sé riamh an bob a bhuail sé
ar Shadhbh lá an aonaigh.
Más ina dhiaidh a bhí sí imithe, agus gurbh ea, dá dtéadh sé isteach i bpoll
tarathair i bhfolach uaithi nach ndéanfadh sé an gnó dó.
Go dtiocfadh sí siúd suas leis agus go gcuirfeadh sí carbhat caol air chomh
siúráilte agus a bhí scornach air.
An chluas a bhaint anuas ón gceann de féin mura gcuireadh.
Gur dhóigh leis dá mbeadh a fhios ag an Síogaí cad é an saghas í go ngabhfadh sé
thairsti ach go
raibh sé déanach anois aige.
c)
"A Nóinín, is cumasach an cailín tú agus dearmad ní dhéanfaidh mé go deo ar an
soilíos atá déanta agat dom. Nach mé a bheidh i mo mhac dobrónach arú amárach
agus tú imithe abhaile uaim.
Ach má bhíonn orm mo shúile a chur ar chipíní, caithfidh mé an leabhar sin a
fheiceáil.
Ar ndóigh, d'fhéadfá é a thabhairt amach chugam dá dtograíteá é mar níl sé chomh
mór sin.
Agus b'fhéidir nach bhfuil an scéal baileach chomh dona sin."
An chlaoninsint
Dúirt sé le Nóinín gur chumasach an cailín í agus nach ndéanfadh sé dearmad go
deo ar an soilíos a bhí déanta aici dó.
Nárbh é a bheadh ina mhac dobrónach i gceann dhá lá agus í imithe abhaile uaidh.
Ach dá mbeadh air a shúile a chur ar chipíní dúirt sé go gcaithfeadh sé 5
an leabhar úd a fheiceáil.
Ní raibh aon dabht air ach go bhféadfadh sí é a thabhairt amach chuige, dá
dtogródh sí é, mar nach raibh an leabhar chomh mór sin.
Agus dúirt sé go mb'fhéidir nach raibh an scéal baileach chomh dona sin.