35.27
Leath-chlaoninsint
Tugtar leath-chlaoninsint ar an insint a dhéantar ar chaint nó ar smaointe duine
gan briathar réamhrá a úsáid, agus dá bhrí sin, gan fochlásail a dhéanamh de na
príomhchlásail, ach an phearsa agus an aimsir a bheith mar a bheidís i
ngnáth-chlaoninsint ar lorg briathair stairiúil.
Seo sliocht a léiríonn, trí leath-chlaoninsint, na smaointe a bhí in aigne mná
áirithe:
Smaoinigh sí ar na hamhráin a rinne sé.
Bhí sé i ngrá léi ach ní déarfadh sé sin léi.
Bhí eagla air.
Eagla go raibh sí ró-ard os a chionn agus nach dtoileodh sí choíche ar a phósadh
agus teacht go hInis Bó Glaise.
Ach thabharfadh sí le fios dó an iarraidh seo, gan a rá lom díreach, gur lena
cheiliúr a bhí sí ag fanacht agus nach raibh le déanamh aige ach a hiarraidh.