An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

36.3

Scríobh nóta gramadaí ar gach ceann de na focail a bhfuil cló trom orthu sna
habairtí seo thíos:

a)
- Dá
fheabhas na banaltraí fuair sé bás.

- Dá:
- Cumasc den réamhfhocal do agus a (aidiacht shealbhach réamhthagrach)
- neamhspleách ar a théarma banaltraí
- ina uimhir (uatha),
- ina phearsa (tríú)
- agus ina inscne (firinscneach),
- ag cáiliú fheabhas.

b)
- Cá bhfuil an fear
- ar
- leis an capall?

- ar:
- Foirm choibhneasta dhearfach na copaile
- táscach
- láithreach nó caite de réir an chomhthéacs
- neamhdhíreach toisc gur go neamhdhíreach a fheidhmíonn fear (an
réamhtheachtaí) sa chlásal coibhneasta,
- is é sin tríd an bhforainm réamhfhoclach leis
- cónasc idir an príomhchlásal agus an fochlásal.

c)
- D'oscail Seán a leabhar
- féin.

- féin:
- forainm treise
- aisbhreathnaitheach
- i gcomhaisnéis le a (aidiacht shealbhach).

d)

- Murar
- cheart é ní dhéanfainn é.

- murar:
- Cumasc den chónasc coinníollach mura agus an chopail
- modh foshuiteach,
- aimsir chaite
- (nó modh coinníollach)
- spleách
- nasc idir cheart agus é
- (faisnéis agus ainmní an fhochlásail)
- cónasc idir an príomhchlásal agus an
- fochlásal.

e)

- Chosain

- cúig phunt
- an
- seomra
- a dhathú.

- sé:
- Forainm pearsanta
- an tríú pearsa uatha
- firinscneach
- tuiseal ainmneach,
- ina ainmní ag chosain
- réamhthagrach
- do an seomra a dhathú.

- phunt:
- Ainmfhocal coitianta
- an chéad díochlaonadh
- firinscneach
- tuiseal ainmneach,
- cuspóir an bhriathair chosain
- uimhir uatha ar lorg cúig,
- agus,
- dá bhrí sin, séimhithe.

- seomra:
- Ainmfhocal coitianta
- an ceathrú díochlaonadh
- uatha firinscneach
- tuiseal ainmneach
- saor
- (cuid de théarma an fhorainm sé)
- cuspóir an ainm bhriathartha dhathú.

f)
- Ná bí ag cáineadh
- mhuintir
- do thíre.

- mhuintir:
- Cnuasainm coitianta
- an dara díochlaonadh
- uatha
- baininscneach
- feidhm ghinideach aige,
- ag cáiliú cáineadh
- ach foirm ainmneach aige
- toisc go bhfuil sé féin á cháiliú ag an nginideach cinnte thíre
- dá bhrí sin, séimhithe.