An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

36.2

Gach focal sna habairtí seo a leanas a pharsáil:

a)

Bhris Séamas an fhuinneog le cloch mhór inné.

- Bhris:
- Briathar
- aistreach
- rialta
- an chéad réimniú
- modh táscach
- aimsir chaite
- neamhspleách
- scartha
- Séamas ina ainmní aige.

- Séamas:
- Ainm dílis
- an chéad díochlaonadh
- uatha
- firinscneach
- tuiseal ainmneach,
- ina ainmní ag bhris.

- an:
- Alt
- uatha
- baininscneach
- ainmneach
- ag cáiliú fhuinneog.

- fhuinneog:
- Ainmfhocal coitianta
- an dara díochlaonadh
- uatha
- baininscneach
- tuiseal ainmneach,
- ina chuspóir ag bhris
- faoi shéimhiú ar lorg an ailt.

- le:
- Réamhfhocal simplí
- ag rialú cloch.

- cloch:
- Ainmfhocal coitianta
- an dara díochlaonadh
- uatha
- baininscneach
- tuiseal tabharthach
- faoi réir ag le.

- mhór:
- Aidiacht thuairisciúil,
- aitreabúideach
- bunchéim
- uatha,
- baininscneach,
- tuiseal tabharthach
- ag teacht le cloch,
- agus dá bhrí sin é faoi shéimhiú.

- inné:
- Dobhriathar ama
- ag cáiliú bhris.

b)

Cá bhfuil an leabhar a bhí tú a léamh?

- Cá:
- Dobhriathar ceisteach,
- príomha
- ag cáiliú bhfuil.

- bhfuil:
- Briathar
- neamhaistreach
- neamhrialta
- modh táscach
- aimsir láithreach
- spleách
- agus faoi urú ar lorg cá
- scartha
- leabhar a ainmní.

- an:
- Alt,
- uatha,
- firinscneach,
- ainmneach
- ag cáiliú leabhar.

- leabhar:
- Ainmfhocal coitianta
- an chéad díochlaonadh
- uatha
- firinscneach
- tuiseal ainmneach,
- ina ainmní ag bhfuil,
- agus
- ina chuspóir réamhtheachtach ag léamh.

- a:
- Mír choibhneasta
- dhearfach
- dhíreach
- cónasc idir an príomhchlásal agus an fochlásal.

- bhí:
- Briathar
- cúnta
- neamhaistreach
- neamhrialta
- modh táscach
- aimsir chaite
- foirm choibhneasta
- de bharr an réamhtheachtaí dhírigh leabhar
- scartha
- tú a ainmní
- cuidíonn sé le léamh chun aimsir chaite leanúnach an bhriathar léigh a
chumadh.

- tú:
- Forainm pearsanta
- uatha
- an dara pearsa
- tuiseal ainmneach,
- ina ainmní ag bhí.

- a:
- Réamhfhocal simplí
- a rialaíonn léamh.

- léamh:
- Ainm briathartha
- aistreach
- tuiseal tabharthach
- faoi réir ag a
- bhí agus a ag cuidiú leis chun aimsir chaite leanúnach a bhriathair a chumadh
- tú a ghníomhaí
- leabhar a chuspóir.

c) Ith ar tugadh duit.

- Ith:
- Briathar
- aistreach
- neamhrialta
- modh ordaitheach
- foirm tháite,
- an dara pearsa
- uatha
- ainmní agus briathar an phríomhchlásail.

- ar:
- Forainm coibhneasta
- réamhtheachtach
- stairiúil
- tuiseal ainmneach,
- ina chuspóir ag ith agus ag tugadh.

- tugadh:
- Briathar
- aistreach
- neamhrialta
- modh táscach
- aimsir chaite
- saor
- foirm spleách ar lorg ar

- duit:
- Forainm réamhfhoclach,
- cumasc den réamhfhocal do agus forainm pearsanta uatha, an dara pearsa.

d)

Múinteoir is ea Pádraig.

- Múinteoir:
- Ainmfhocal coitianta
- an tríú díochlaonadh
- uatha
- firinscneach
- tuiseal ainmneach
- saor
- téarma an fhorainm iarthagraigh ea
- faisnéis na habairte.

- is:
- An chopail
- modh táscach
- aimsir láithreach,
- neamhspleách,
- ráiteasach,
- dearfach
- nasc idir ea agus Pádraig.

- ea:
- Forainm neamhphearsanta
- ag iarthagairt do múinteoir
- tuiseal ainmneach
- fofhaisnéis na habairte.

- Pádraig:
- Ainm dílis
- an ceathrú díochlaonadh
- uatha
- firinscneach
- tuiseal ainmneach
- ainmní na habairte.