An Dolachán Feasa

Samplaí

Caibidil 18

ID: 2539

Comhréir an Ainm Bhriathartha
18.15
triantán a thógáil.

Briseadh/ Breakdown
triantán - ainmfhocal - cuspóir an ainm bhriathartha 'thógáil'
a(do) - réamhfhocal a cheanglaíonn an cuspóir den ainm bhriathartha
thógáil - ainm briathartha

Seo ceist mhata ó pháipéar scrudaithe. - A mathematics exam question.
Tóg triantán -> triantán a thógáil

Caibidil 18

ID: 2540

Comhréir an Ainm Bhriathartha
18.16
sin fear is furasta a mhealladh

Briseadh/ Breakdown
Trí chuid:
1. Sin fear
2. is furasta
3. a mhealadh

San abairt seo, cuirtear a clásal 'is furasta' idir an cuspóir 'fear' agus an ainm briathartha 'mealladh' in aon chnapán amháin, gan athrú ar bith a dhéanamh ar na focail ina thimpeallacht, agus gan an fhoirm choibhneasta den chopail a athrú ach an oiread. Toisítear leis an cuspóir + a(do) + an t-ainm briathartha:- a. 'fear a mhealladh' ; déantar spás(_) idir an cuspóir agus an abairtín t-ainm briathartha b. 'sin fear (_) a mhealladh'; agus cuirtear an clásal 'is furasta' sa spás <- c. 'sin fear (is furasta) a mhealladh'.

Feidhm/ Function
'mealladh' an chuid den abairt atá le cáiliú - ainm briathartha. Ina ghné mar ainmfhocal, is cáilitheoir aidiachtach(aidiacht) a bheadh fóirsteanach, ina ghné mar bhriathar, is cáilitheoir dobhriathartha(dobhriathar) a bheadh fóirteanach. Clásal aidiachtach é 'is furasta', rud a fhágann go roghnaítear an ghné ainmfhoclach den ainm bhriathartha. Tógann ceist eile a cheann ansin. Is clásal coibhneasta é seo; ar cheart é a bheith díreach nó neamhdhíreach? B'fhéidir gur féidir cás a dhéanamh do cheann ar bith den bheirt(A. fear is furasta a mhealladh b. fear ar furasta a mhealladh) - ach roghnaíonn an Ghaeilge A. D'fhéadfaí a éileamh gur daingne amhlaidh an nasc idir 'fear' agus 'furasta'. Bíodh sin mar atá, is é an leagan cainte 'an rud (is furasta/a deirim/a shíl me etc) gnáthleagan na Gaeilge.

Samplaí/ Examples - Fágtar lúibíní a mharcáil cheantar an chlásail.
- bia (is furasta) a ithe
- fadhb (is deacair) a réiteach
- obair (a chinn mé) a dhéanamh
- fear (ba mhaith liom) a mharú
- an rud is fusa a dhéanamh

Gan chleachtadh, ní compórdach glacadh le simplíocht an réiteach seo: ainm briathartha a cháiliú le clásal a cheanglaíonn é le cuspóir. Nochtar taibhsí aidiachtacha, taibhsí dobhriathartha, agus taibhsí coibhneasta. Agus más beathach le Béarla thú, beidh taibhsí ón teanga sin ar obair i seomraí gramadaí do chinn fosta:
- a man who is easy to scare
- a problem that is hard to avoid

In English 'easy to scare' is working as a complement - a very different kettle of fish.

Restart Next ->