An Dolachán Feasa

Samplaí

Caibidil 18

ID: 2541

Comhréir an Ainm Bhriathartha
18.16
d'inis sé scéal dom ba dheacair a chreidiúint

Briseadh/ Breakdown
scéal - ainmfhocal - cuspóir an ainm bhriathartha 'chreidiúint'
dom - forainm réamhfhoclach, 1ú uatha - prepositional pronoun - 1st singular
ba dheacair a chreidiúint - clásal aidiachtach ag cáiliu 'fear' - adjectival clause qualifying 'fear'
ba dheacair - clásal a chuirtear idir an cupóir agus a abairtín ainm bhriathartha agus baint ghramadach aige leis an dá rud - a clause inserted between the object and its verbal noun, with a grammatical connection to both.
a(do) - réamhfhocal a cheanglaíonn an cuspóir dá ainm bhriathartha - preposition tying a verbal noun to its object
chreidiúint - ainm briathartha an fhocail - 'creid' - verbal noun of the verb 'creid'

D'inis sé scéal dom (ba dheacair) a chreidiúint - He told me a story which was (hard) (to believe).
In the English translation, the adjective 'hard' has its meaning extended by the infinitive 'to believe'. Irish does not have an infinitive to do this job.

Caibidil 18

ID: 2542

Comhréir an Ainm Bhriathartha
18.16
cá bhfuil na leabhair a dúirt sí a dhíol?

Briseadh/ Breakdown
na leabhair - ainmfhocal, san uimhir iolra - cuspóir an ainm Bhriathartha 'dhíol'
a dúirt sí a dhíol - clásal aidiachtach ag cáiliú 'leabhair'
a(do) - réamhfhocal a cheanglaíonn an cuspóir 'leabhair' den ainm bhriathartha 'dhíol' - preposition connecting the object 'leabhair' with its verbal noun
dhíol - ainm briathartha an bhriathair 'díol' - the verbal noun of the verb 'díol'
a dúirt sí - clásal aidiachtach a chuirtear isteach idir an cuspóir agus an t-ainm briathartha - an adjectival clause inserted between the verbal noun and its object 'leabhair'.

Pointe Suime/ Point of Interest
Agus an leagan 'na leabhair (_) a dhíol ann, is léir nach aidiacht shealbhach atá san fhocal 'a', rud a d'fhágfadh 'díol' faoi urú - a ndíol.

Samplaí/ Examples
Is fiú cuimhniú gurb é seo an struchtúr is gá i gcuid mhaith ceisteanna.

Cé ba mhaith leat a mharú?
Cad é ba mhaith leat a dhéanamh?
Cé hiad na cailíní is ceart a chaitheamh sa loch?
Cá mhéad airgead ba cheart a thabhairt liom?
Cé acu cat ba mhaith leat a ithe?

Restart Next ->