ID: 2543
Briseadh/ Breakdown
Leagan inbheartaithe é seo den abairt 'Is féidir bád amháin a spáráil' - This is an inverted form of the sentence 'One boat can be spared'
Tugtar 'a spáráil' chun tosaigh mar sheift bhéimnithe, agus úsáidtear 'ach' mar mharcóir treisithe roimh cuspóir an ainm bhriathartha.
a(do) - réamhfhocal a cheanglaíonn an cuspóir dá ainm bhriathartha - prepostion connecting a verbal noun to its object
ach - réamhfhocal - tá meafar spáis taobh istigh de 'ach' - agus tagairt ann don staid 'taobh amuigh' - preposition - it contains a spacial metaphor, referring to a state of being out side -> taobh amuigh de, outside of -> outside the set under consideration
Pointe Suime/ Point of Interest.
'a spáráil' - Níl forainm réamhthagrach ar bith anseo - There is no proleptic pronoun here. Thiocfadh a shamhlú go gcruthaíonn "'a(do)' spáráil" súil le líonadh bearna níos moille - It could be imagined that the "'a(do)' spáráil" creates the expectation of a gap to be filled later. Tig an líonadh nuair a nochtann cuspóir don ainm bhriathartha 'bád'.
Tá turas séimeantaice casta anseo: a. ón staid diúltach, agus tacar a bhfuil gach bád ar féidir a bheith ann ann; b. go dtí an staid dearfach, agus tacar ina bhfuil líon teorannta de bháid(1 bhád); c. go dtí an smaoineamh gur fíor 'ní féidir' taobh amuigh de líon bheag cásanna. This involves a complicated symantic journey: a. a state of negation, and a set containing all boats in existence; b. to a state of affirmation, and a set containing a limited number of boats(1); c. to the idea that 'ní feidir' is true apart from a small number of cases.
ID: 2544
Briseadh/ Breakdown
gan - réamhfhocal mar mharcóir dhiúltach don abairtín 'a dhíol' - preposition marking the phrase 'a dhíol' as negated
a(do) - réamhfhocal a cheanglaíonn cuspóir lena ainm bhriathartha - prepostion tying the verbal noun to its object('péire')
leis - forainm réamhfhoclach, 3ú uatha - prepositional pronoun, 3rd singular
ach - réamhfhocal eisiamhach - an excluding preposition. Cuireann sé teorann leis an diúltachas san abairtín 'gan a dhíol'. An excluding preposition. It limits the negation in the phrase 'gan a dhíol'.
péire - ainmfhocal - cuspóir an ainm bhriathartha 'dhíol' - a noun - object of the verbal noun 'dhíol'. Cuireann sé in iúl an líon nach mbeidh i gceist i ndiúltachas an abairtín 'gan a dhiol'. It specifies the set excluded from the negation of the phrase 'gan a dhíol'