An Dolachán Feasa

Samplaí

Caibidil 18

ID: 2552

Comhréir an Ainm Bhriathartha
18.18
cá bhfaighinn iad ach a gceannach?

Briseadh/ Breakdown
San abairt seo úsáidtear an 'a gceannach' in ionad 'iad a cheannach'.

cá - forainm ceisteach - interrogative pronoun
bhfaighinn - modh coinníollach, 1ú, uatha, an bhriathair 'faigh' - conditional, 2nd singular, of the verb 'faigh'
iad - forainm, 3ú uatha - cuspóir an bhriathair 'bhfaighinn' - pronoun, 3rd, plural, object of the verb 'bhfaighinn'
ach - réamhfhocal agus an abairtín 'a gceannach' faoi réir aige - preposition governing the phrase 'a gceannach'
a - aidiacht shealbhach, 3ú iolra, ag cáiliú 'ceannach' - possessive adjective, 3rd, plural, qualifying 'ceannach'
gceannach - ainm bhriathartha an bhriathair 'ceannaigh', faoi urú i ndiaidh 'a' - verbal noun of the verb 'ceannaigh' eclipsed after 'a'

Samplaí/ Examples
Ní maith liom (do dhiúltú) - tú a dhiúltú
Is maith liom (a n-ithe) - iad a ithe
Is cuimhin liom (a theacht anseo) - é a theacht anseo
Ná déan dearmad (a cur ar ais sa phrios) - í a chur ar ais sa phrios.

Caibidil 18

ID: 2557

Comhréir an Ainm Bhriathartha
18.19
tá daoine á cáineadh /á cháineadh

Briseadh/ Breakdown
Baineann an abairt seo le comhréir na bhfoirmeacha leanúnacha. This sentence involves the continuous forms.

Samplaí/ Examples
Ól - Tá Seán (ag ól) - gníomh leanúnach - ní tháinig deireadh leis an 'ól' go fóill - continuous action, not yet ended
Siúil - Bhí Seán (ag siúl) - gníomh leanúnach san am - ní tháinig deireadh leis an 'siúl' go fóill san am - continuos action at the time - not yet ended at the time

Má bhíonn ainmfhocal mar chuspóir ag an ainm bhriathartha, cuirtear an t-ainmfhocal sin san tuiseal ghinideach. If the verbal noun has a noun as its object, that noun is put in the genitive case.

Samplaí/ Examples
úl - Tá sé ag ithe (úill) - an tuiseal ginideach idir lúibíní
beoir - Tá sí ag ól (beorach) - an tuiseal ginideach idir lúibíní
cat - Tá sé ag ithe (cait) - an tuiseal ginideach
an t-úll - Tá sé ag ithe (an úill) - an tuiseal ginideach
an cat - Tá sí ag ithe (an chait) - an tuiseal ginideach
an bheoir - Tá sí ag ól (na beorach) - an tuiseal ginideach
na húlla - Tá sé ag ithe (na n-úll) - ginideach iolra
na cait - Tá sé ag ithe (na gcat) - ginideach iolra
na buidéil - Tá sí ag briseadh (na mbuidéal) - ginideach iolra
na capaill - Tá sé ag tabhairt amach (na gcapall) - dobhriathar idir an t-ainm briathartha agus an ginideach iolra

Más forainm is cuspóir don ainm bhriathartha, is í an aidiacht sealbhach* a úsáidtear.
(an t-úll - é) - Tá sé á ithe. - á = (do + a*) - firinscneach uatha
(an bheoir - í) - Tá sí á hól. - á = (do + a*) - baininscneach uatha
(an cat - é) - Tá sé á ithe. - á = (do + a*) - firinscneach uatha
(na húlla) - Tá sé á n-ithe. -á = (d + a*) - iolra
(na buidéil) - Tá sé á mbriseadh. á = (do + a*) - iolra

Mar sin de ...
(na daoine) - Tá sé á gcáineadh.
(an bhean) - Tá sé á caineadh.
(an fear) - Tá sé á cháineadh.

Restart Next ->