ID: 2559
Briseadh/ Breakdown
San abairt seo tá an abairtín 'bheith á marú' faoi réir ag an réamhfhocal 'ar'
Chrom - briathar, aimsir chaite - verb, past tense - leagan cainte é seo 'crom ar x a dhéanamh' = toisigh a dhéanamh x(tí, na hoibre) - an idiom for starting to do something
Anraí - aimfhocal - ainmní an bhriathair 'chrom' - noun - subject of the verb 'chrom'
bheith - ainm briathartha an fhocail 'bí' - verbal noun of the verb 'bí'
á = do + a(aidiacht sealbhach - baininscneach uatha nó iolra - d'fhéadfadh 'í a mharú' nó 'iad a mharú' a bheith i gceist.
marú - ainm briathartha an bhriathair 'maraigh' - verbal noun of the verb 'maraigh'
bheith á marú - is féidir gníomh leanúnach a neadú - continuous actions can be nested
Samplaí/ Examples
Béarla mar shoiléiriú ina ndiaidh
Ní maith liom iad a mharú -> Ní maith liom bheith á marú - I don't like killing them -> I don't like to be killing them.
Ní maith liom iad a chluinstin. -> Ní maith liom bheith á gcluinstin. - I don't like hearing them -> I don't like to be hearing them.
ID: 2560
Briseadh/ Breakdown
San abairt seo tugadh cuspóir an ainm bhriathartha chun tosaigh. Sa chás sin déantar an ceangal idir an cuspóir agus an t-ainm briathartha leis an réamhfhocal 'a(do)', ní bhíonn forainm tagartha ar bith ann.
pingin - ainmfhocal - cuspóir an ainm bhriathartha 'shaothrú' - noun - object of the verbal noun 'shaothrú'
ní raibh - an briathar 'bí' - aimsir chaite, diúltach - the verb 'bí' - past, negative
mé - forainm, 1ú uatha - ainmní an bhriathair 'ní raibh' - pronoun, 1st singular, subject of the verb 'ní raibh'
a - a(do) - réamhfhocal a cheanglaíonn an cuspóir 'pingin' den ainm bhriathartha 'saothrú' - preposition connecting the verbal noun 'shaothrú' to its object 'pingin'
shaothrú - ainm briathartha an bhriathair 'saothraigh' - verbal noun of the verb 'saothraigh'
Pointí Suime/ Points of Interest
Nuair a bhíonn cuspóir an ainm bhriathartha in áit roimh an ainm bhriathartha, ní chuirtear san tuiseal ghinideach é;
agus ní bhíonn de cheangal idir é agus an t-ainm briathartha ach an réamhfhocal 'a(do)'; ní bhíonn forainm tagartha ar bith ann.
When the object of the verbal noun is placed somewhere before its verbal noun, the noun is not put in the genitive; and the only connecting mechanism used is the preposition 'a(do)'; and no referencing pronoun is used.
Is féidir amharc ar an obair comhréire seo mar seort neadaithe eile. This syntactical usage can be considered another sort of embedding.
pingin a shaothrú - pingin (ní raibh mé) a shaothrú.
obair a dhéanamh - obair (ní raibh sé) a dhéanamh. - Obair ar bith/dá laghad ní raibh siad a dhéanamh.
Tig an struchtúr seo i gceist nuair is forainm céisteach an cuspóir.
rud a dhéanamh - (Cad) atá tú a(do) dhéanamh?
cad - forainm ceisteach - cuspóir an ainm bhriathartha 'dhéanamh'
atá tú - an briathar 'bí', aimsir láithreach mar aon lena ainmní - the verb 'bí', present tense, along with its subject
a(do) - réamhfhocal a cheanglaíonn an cuspóir ( é sin a lorgaítear leis an fhocal 'cad') den ainm bhriathartha - prepostion joining the object( the one sought with the interrogative pronoun 'cad') to its verbal noun 'dhéanamh'
dhéanamh - ainm briathartha an bhriathair 'déan' - the verbal noun of the verb 'déan'
Comparáid/ Comparison
Tá Pól ag déanamh an bhosca -> ainmní na habairte a lorg (find the subject of the sentence) -> Cé atá ag deanamh an bhosca?
Tá Pól ag déanamh an bhosca -> cuspóir an ainm bhriathartha a lorg(find the object of the verbal noun) - Cad é atá Pól a(do) dhéanamh?