An Dolachán Feasa

Samplaí

Caibidil 18

ID: 2561

Comhréir an Ainm Bhriathartha
18.19
rinne sé mar a bhí mise a dhéanamh.

Briseadh/ Breakdown
Sna habairtí seo leanas is réamhtheachtaí don chlásal ina bhfuil an t-ainm briathartha na focail: obair, céard:
In the following sentences these words are antecedents for the clause with the verbal noun: obair, céard:
Nach deas an (obair) atá Cáit a(do) dhéanamh - cuspóir: obair
(Céard) a chuala tú Beairtle a chanadh? - cuspóir: céard(cad é an rud)
Is féidir leis an chónasc 'mar' feidhmiú ar an dóigh chéanna.

rinne sé - an briathar 'déan', aimsir chaite, mar aon lena ainmní 'sé' - the verb 'déan', past tense, along with its subject 'sé'
mar - cónasc - ach feidhmíonn sé go díreach mar a bheadh 'an rud' ann agus é ina réamhtheachtaí - conjunction but functions just as if it were 'an rud' and an antecedent
bhí mise - briathar 'bí' aimsir chaite mar aon lena ainmní - the verb 'bí', past tense along with its subject
a(do) - réamhfhocal a cheanglaíonn an cuspóir den ainm bhriathartha - prepostion connecting an object with its verbal noun
dhéanamh - ainm briathartha an bhriathair 'déan' - verbal noun of the verb 'déan'

Caibidil 18

ID: 2562

Comhréir an Ainm Bhriathartha
18.19
níl Seán a fháil ach a chion.

Briseadh/ Breakdown
San abairt seo bheirtear an abairtín ainm bhriathartha 'a fháil' chun tosaigh mar ghléas bhéimnithe, agus úsáidtear 'ach' mar mharcóir don tacar teorannta de rudaí nach bhfuil i gceist i réimse na diúltachta. In this sentence the verbal noun clause is brought to the front for emphasis, and 'ach' marcs the limited set of things to be excluded from the scope of negation.
Níl Seán - briathar 'bí', aimsir láithreach mar aon lena ainmní 'Seán' - verb 'bí', present tense, along with its subject 'Seán'
a(do) - réamhfhocal a cheanglaíonn an cuspóir 'a chion' den ainm Bhriathartha 'fháil'
ach - réamhfhocal eisiamhach - an excluding preposition - 'a chion' faoi réir aige, governing 'a chion'
a chion - ainmfhocal 'cion' mar aon le haidiacht shealbhach, 3ú, uatha, firinscneach - cuspóir an ainm bhriathartha 'fháil' - noun 'cion' along with a possessive adjective, 3rd, singular, masculine - object of the verbal noun 'fháil'

Samplaí/ Examples
Ní raibh sé a cheannacht ach tae.
Ní raibh sé a cheol ach amhráin amaideacha.
Ní raibh mé a ithe ach glasraí.
Ní raibh mé a chaitheamh ach na clocha beaga.

Restart Next ->