An Dolachán Feasa

Samplaí

Caibidil 18

ID: 2569

Comhréir an Ainm Bhriathartha
18.21
bhí siad tar éis bheith á ól

Briseadh/ Breakdown
Is féidir abairtín ainm bhriathartha a bheith faoi réir ag réamhfhocal/réamhfhocal chomhshuite. A verbal noun phrase can be governed by a prepostion/compound preposition. Dóigh thimchainteach le haimsirí a dhéanamh atá ann.
bhí siad - an briathar 'bí', aimsir chaite mar aon lena ainmní - the verb 'bí', past tense along with its subject
tar éis - réamhfhocal comhshuite, agus an abairtín 'bheith á ól' faoi réir aige
bheith - ainm briathartha an bhriathar 'bí' - verbal noun of the verb 'bí'
á - do + a (aidiacht shealbhach, 3ú, uatha, firinscneach) - á - do + a ( possessive adjective, 3rd, singular, masculine)
ól - ainm briathartha an bhriathair 'ól' - verbal noun of the verb 'ól'

Cás eile den neadú é seo. Thig an próiseas a leanstan.
a. Bhí siad ag ól tae. ->
b. tae -> go forainm 'é' - tuiseal ginideach de 'é' -> aidiacht shealbhach 'a', 3ú uatha, firinscneach
c. do + a -> á -> Bhí sé á ól
d. abairtín ainm bhriathartha a dhéanamh as -> bheith á ól - anois níl am ar leith i gceist
e. an abairtín ainm Bhriathartha a chur i ndiaidh réamhfhocail -> 'tar éis (bheith á ól)'
f. Bhí siad tar éis a bheith á ól - They were after being drinking it.

Pointe Suime/ Point of Interest
Is féidir cúrsaí ama a láimhseáil go han-chruinn le húsáid an struchtúir seo. Time can be handled very accurately with these structures.

Samplaí/ Examples
Beidh sé tar éis a bheith á ól - He'll be after being drinking it.
Tá siad tar éis a bheith á mbriseadh(fuinneoga) -They are after being breaking them.
Bhí mé tar éis a bheith á cur sa bhuidéal(beoir) - I was after being putting it in the bottle.

English English would use pluperfect/future perfect continuous tenses. In Hiberno English and Ulster Scots echoes can be heard from the Irish syntax.

He had been drinking it all day - tea.
I will have been hearing it for too long - song.
He has been breaking them for an hour - windows.

N.B
ag ithe (mé) -> do mo ithe
ag ithe (tú) -> do do ithe
ag ithe (é) -> do a ithe -> dá ithe -> á ithe
ag ithe (í) -> do a hithe -> dá hithe -> á hithe
ag ithe (muid) -> do ár n-ithe -> dár n-ithe
ag ithe (sibh) -> do bhur n-ithe
ag ithe (iad) -> do a n-ithe -> dá n-ithe -> á n-ithe

Caibidil 18

ID: 2574

Comhréir an Ainm Bhriathartha
18.23
bhí mé ar hob a dhéanta.

Briseadh/ Breakdown
Tá múnlaí a dhírítear aird ar an phointe ama go díreach roimh dhéanamh an ghnímh: ar tí, ar hob, chun, le, ag brath.
Úsáidtear iad leis an ainm bhriathartha:
Bhí mé ar hob a dhéanta(tuiseal ginideach ainm bhriathartha 'déanamh') - I was about to do it.
Bhí siad ar tí imeacht(gan imeacht a chur san tuiseal ghinideach) - They were about to leave.
Tá sé chun airgead a ghoid. - He is going to steal money.
Tá sé le bheith ar ais ar ball. - He is to be back shortly.
Bhí sí ag brath an cat a ithe. - She was going to/intending to eat the cat.

Má tá an gníomhú le bheith ann gan mhoill, úsáidtear 'ar tí' agus 'ar hob'; thig tamall a bheith le caitheamh sula ndéanfaí an gníomh, i gcás 'chun', 'ag brath', 'le'.
Tá sé chun/le/ag brath banc a robáil amárach.

bhí mé - an briathar 'bí', aimsir chaite, mar aon lena ainmní - the verb 'bí', past tense, along with its subject
ar - réamhfhocal agus 'hob' faoi réir aige - preposition governing 'thob'
thob - ainmfhocal faoi réir ag an réamhfhocal 'ar' - noun governed by 'ar'
a - aidiacht sealbhach, 3ú uatha, firinscneach - possessive adjective, 3rd singular, masculine, ag cáiliú 'dheanamh'
dhéanta - ainm briathartha - tuiseal ginideach an fhocail 'dhéanamh' - verbal noun - genitive form after 'hob'

ar thob a dhéanta - maidir leis an ghinideach anseo, is leagan reoite é. Le fada tá an nós ann gan an ainm briathartha a chur sa ghinideach.
Agus is é sin an nós is coitianta i gcás 'ar tí', 'ag brath', 'chun' srl.
Bhí siad ag brath éirí. They were going to/intending to rise.
Beidh sé ag brath imeacht go luath. He will be intending to leave shortly.

Restart Next ->