An Dolachán Feasa

Samplaí

Caibidil 18

ID: 2576

Comhréir an Ainm Bhriathartha
18.23
tá an dochtúir chun gluaisteán nua a cheannach amárach

Briseadh/ Breakdown
Tá an dochtúir - an briathar 'bí', aimsir láithreach, mar aon lena ainmní - the verb 'bí' present tense along with its subject 'an dochtúir
chun - réamhfhocal ag díriú ar ghníomh a dhéanfar san am atá le theacht; rialaíonn sé an t-ainmfhocal sa ghinideach ina dhiaidh de ghnáth - preposition pointing to an action that will be done in the future; it usually governs the genitive case
gluaisteán - ainmfhocal, nach bhfuil sa ghinideach - an noun that is not in the genitive case
gluaisteán nua a cheannach - abairtín ainm bhriathartha faoi réir ag 'chun' - a verbal noun phrase governed by 'chun'

Pointe Suime/ Point of Interest
chun (gluaisteán nua a cheannach) - is é an abairtín ar fad atá san tuiseal ghinideach i ndiaidh 'chun'

Samplaí/ Examples
Tá mé chun (airgead a ghoid uaidh).
Bhí sí chun (an cat a chócaireáil).
Beidh siad ag brath (an fhuinneog a bhriseadh).

Caibidil 18

ID: 2577

Comhréir an Ainm Bhriathartha
18.23
bhí siad ag brath an claí a leagan sa tráthnóna.

Briseadh/ Breakdown
bhí siad - briathar 'bí', aimsir chaite, mar aon lena ainmní - verb 'bí', past tense, along with its subject
ag - réamfhocal a cheanglaíonn an gníomhaí den ainm bhriathartha - preposition connecting the verbal noun to its agent(doer of action)
brath - ainm briathartha an bhriathair 'braith' - verbal noun of the verb 'braith'
an claí - ainmfhocal, cuspóir an ainm bhriathartha 'leagan'
a(do) - réamhfhocal a cheanglaíonn an cuspóir 'claí' dá ainm bhriathartha 'leagan' - preposition tying the verbal noun 'leagan' to its object 'claí'
leagan - ainm briathartha an bhriathair 'leag' - the verbal noun of the verb 'leag'
sa tráthnóna - abairtín dobhriathair ag cáiliú an ainm Bhriathartha 'leagan' - adverbial phrase qualifying the verbal noun 'leagan'
an claí a leagan sa tráthnóna - abairtín ainmfhocalach, cuspóir an ainm bhriathartha 'brath' - noun phrase object of the verbal noun 'brath'

Restart Next ->