ID: 2604
Briseadh/ Breakdown
rachaidh siad - briathar 'téigh', aimsir fháistineach mar aon lena ainmní - verb 'téigh' along with its subject
á - do a(aidiacht shealbhach 3ú, uatha, firinscneach)
bhaint - ainm briathartha an bhriathair 'bain'
Comhthéacs/ Context
Tá féar le baint -> Rachaidh mé á bhaint níos moille
Tá obair le déanamh -> Rachaidh mé á déanamh níos moille
Tá páistí le tabhairt ar scoil agam -> Rachaidh mé á dtabhairt anois
ID: 2605
Nuair atá an abairtín ainm bhriathartha taobh istigh de chlásal coibhneasta, agus cuspóir ag an ainm bhriathartha ina réamhtheachtaí don chlásal sin, úsáidtear an réamhfhocal 'a(do)' leis an cheangal a dhéanamh(idir an t-ainm briathartha agus a chuspóir) - When a verbal noun phrase is within a relative clause, and the verbal noun has an object, which is the antecedant of the relative clause, the preposition 'a(do)' is used to make the connection(between vebal noun and object).
teach - ainmfhocal, cuspóir an ainm bhriathartha 'dhíol', réamhtheachtaí an chlásail 'atáimid ag dul a dhíol'
atáimid - briathar 'bí', aimsir láithreach mar aon lena ainmní - verb 'bí' present tense along with its subject
ag - réamhfhocal roimh ainm bhriathartha le gníomh leanúnach a chur in iúl agus leis an ainm bhriathartha a cheangal dá ghíomhaí/ainmní - preposition before a verbal noun to express a continuous action, and to connect the verbal noun to its agent/subject
dul - ainm briathartha an bhriathair 'téigh' - verbal noun of the verb 'téigh'
a(do) - réamhfhocal a úsáidtear le ceangal a dhéanamh idir an t-ainm briathartha agus a chuspóir 'teach' - preposition used to tie the verbal noun to its object 'teach'
Is minic a leithéid seo de mhúnla de dhíth le ceist a dhéanamh - this structure is often required in forming questions:
Cad é atá tú ag brath a dhéanamh?
Cén duine atá tú ag dul a bhualadh?
Cé acu bean atá tú ag dul a thabhairt leat?
Cé hiad na hamhráin atá tú ag dul a cheol?
Ní thig insnce nó uimhir an réamhtheachtaí i gceist san chlásal choibhneasta. Ní dhéanann 'a(do)' ach ceangal a dhéanamh idir cuspóir agus ainm briathartha. Neither gender nor number are at issue in the relative clause. 'a(do)' just makes the connection between the verbal noun and its object, regardless of gender or number.