An Dolachán Feasa

Samplaí

Caibidil 18

ID: 2611

Comhréir an Ainm Bhriathartha
18.29
thit sé marbh le linn a ráite (dó).

Briseadh/ Breakdown
Ní i gcónaí a úsáidtear an abairtín a cheanglaíonn an gníomhaí den ainm bhriathartha, go háirithe, más soiléir cé atá ar obair. The phrase that ties the agent to the verbal noun is not always used especially if it is obvious who is doing the performing.

thit sé - briathar 'tit', aimsir chaite, maraon lena ainmní - verb 'tit', past tense, along with its subject
marbh - aidiacht - adjective
le linn - réamhfhocal comhshuite - compound preposition
a - aidiacht shealbhach, 3ú, uatha - possessive adjective 3rd, singular
a ráite - tig an tuiseal ginideach i ndiaidh 'le linn', úsáidtear an aidiacht shealbhach i gcás forainm - the genitive follows 'le linn', the possessive adjective is used in the case of pronouns

Caibidil 18

ID: 2614

Comhréir an Ainm Bhriathartha
18.29
bhí miongháire ar aghaidh Nuala á léamh di

Briseadh/ Breakdown
bhí - briathar 'bí', aimsir chaite, verb 'bí', past tense
miongháire - ainmfhocal, ainmní an bhriathair 'bhí' - noun subject of the verb 'bhí'
ar - réamhfhocal agus 'aghaigh Nuala' faoi réir aige - preposition governing 'aghaidh Nuala'
Nuala - ainmfhocal sa ghinideach lena cheangal den fhocal 'aghaidh' - noun in the genitive to tie it to the word 'aghaidh'
á - do + a(aidiacht shealbhach) - do + a(possessive adjective)
a - aidiacht shealbhach, mar chuspóir an ainm bhriathartha 'leamh' - a possessive adjective as object of the verbal noun 'léamh'
léamh - ainm briathartha an bhriathair 'léigh' - verbal noun of the verb 'léigh'

Comhthéacs/ Context
Fuair Nuala litir. Bhí miongháire ar a haghaidh, nuair a bhí sí ag léamh na litreach.
Eilimintí: Nuala, litir, miongháire, aghaidh, léamh, am na léitheoireachta
á léamh - do + a(aidiacht shealbhach, 3ú uatha baininscneach) - do + a(possessive adjective, 3rd, singular, feminine)
na litreach -> a(aidiacht shealbhach, 3ú, uatha) mar chuspóir an ainm bhriathartha 'léamh' - a(possessive adjective, 3rd, singular, feminine) as object of the verbal noun 'léamh'

Pointe suime/ Point of Interest
nuair a bhí sí á léamh(ag léamh na litreach) -> á léamh di
Leagan deas soiléir gonta atá san abairtín 'á léamh di'

Restart Next ->