An Dolachán Feasa

Samplaí

Caibidil 18

ID: 2638

Comhréir an Ainm Bhriathartha
18.32
níor mhaith liom mo leanbh a fháil bháis

Briseadh/ Breakdown
Is féidir ábhar cainte abairte a dhéanamh as abairtín ainm bhriathartha. A verbal noun phrase can be made the subject of a sentence.
mo leanbh a fháil bháis - abairtín ainmfhoclach - ábhar cainte na habairte - noun phrase - subjecto of the sentence
níor - an chopail, modh coinníollach, diúltach - copula, conditional mood
mhaith - aidiacht - faisnéis na copaile - adjective - predicate of the copula
liom - forainm réamhfhoclach, 1ú, uatha - cuireann sé in iúl dearcadh duine a bheith ceangailte do fhírinne na faisnéise - prepositional pronoun, 1st, singular - it expresses the idea that a personal opinion is attached to the truth of the predicate
mo - aidiacht shealbhach, 1ú, uatha - possessive adjective, 1st, singular - ag cáiliú 'leanbh' -qualifying 'leanbh'
a(do) - réamhfhocal a cheanglaíonn an gníomhaí 'leanbh' den ainm bhriathartha - preposition connecting the agent 'leanbh' to the verbal noun
fháil - ainm briathartha an bhriathair 'faigh' - verbal noun of the verb 'faigh'
bháis - ainmfhocal sa ghinideach faoi réir ag an ainm bhriathrtha 'fháil' - noun in the genitive governed by the verbal noun 'fháil'

Caibidil 18

ID: 2639

Comhréir an Ainm Bhriathartha
18.32
níorbh aon ionadh Niamh a theacht,

Briseadh/ Breakdown
Níorbh - an chopail, aimsir chaite, diúltach - copula, past tense, negative
aon ionadh - abairtín ainmfhoclach - faisnéis na copaile - noun phrase - predicate of the copula
aon - aidiacht ag cáiliú 'ionadh' - adjective qualifying 'ionadh'
Niamh a theacht - abairtín ainm bhriathartha - ábhar cainte na habairte - verbal noun phrase - the subject of the sentence
Niamh - ainmfhocal - gníomhaí an ainm bhriatharth 'theacht'
a(do) - réamhfhocal a cheanglaíonn an gníomhaí 'Niamh' den ainm bhriathartha 'theacht'
theacht - ainm briathartha an bhriathair neamhaistrigh 'tar' - verbal noun of the intransitive verb 'tar'

Comparáid/ Comparison
Níorbh aon ionadh (go dtáinig Niamh) - clásal ainmfhoclach mar ábhar cainte
Níorbh aon ionadh (Niamh a theacht) - abairtín ainm bhriathartha mar ábhar cainte.

Restart Next ->