An Dolachán Feasa

Samplaí

Caibidil 18

ID: 2640

Comhréir an Ainm Bhriathartha
18.32
is é toil na comhairle gach duine a dhéanamh a ghnó féin

Briseadh/ Breakdown
Is é - an chopail mar aon lena fho-ábhar cainte - copula along with its sub-subject
toil na comhairle - abairtín ainmfhoclach - ábhar cainte na copaile - noun phrase, subject of the copula
gach duine a dhéanamh a ghnó féin - abairtín ainmfhoclach - faisnéis na copaile - noun phrase - the predicate of the copula
toil - ainmfhocal - cuid den ábhar cainte - noun - part of the subject
(na) comhairle - ainmfhocal - faoi réir ag 'toil'
gach - aidiacht ag cáiliú 'duine' - adjective qualifying 'duine'
a(do) - réamhfhocal a cheanglaíonn an gníomhaí 'duine' den ainm bhriathartha - preposition tying the agent to its verbal noun
a - aidiacht shealbhach, 1ú, uatha, firinscneach - possessive adjective, 3rd, singular, masculine
ghnó - ainmfhocal faoi réir ag 'déanamh'
féin - aidiacht ag cáiliú 'gnó' agus ag treisiú gur rud ar leith de chuid duine ar leith atá i gceist - adjective qualifying 'gnó' agus emphasizing that a particular thing associated with a particular person is meant

Caibidil 18

ID: 2641

Comhréir an Ainm Bhriathartha
18.32
is é ordú a tugadh triúr fear a dhul i bhfolach.

Briseadh/ Breakdown
Is é - an chopail mar aon lena fho-ainmní - the copula along with its sub-subject
(an) ordú a tugadh - ainmní/ ábhar cainte na copaile - the subject of the copula
a - mír choibhneasta - relative particle
tugadh - briathar 'tabhair', saorbhriathar aimsir chaite - verb 'tabhair', past autonomous
triúr fear a dhul i bhfolach - faisnéis na copaile, agus na habairte
triúr - ainmfhocal uimhriúil ag cáiliú 'fear(gindideach iolra an fhocail 'fear') - number noun qualifying the 'fear(genitive plural of the word "fear")'
a(do) - réamhfhocal a cheanglaíonn an gníomhaí 'triúr fear' den ainm bhriathartha 'dul'
i bhfolach - dobhriathar ag cáiliú 'dul' - adverb qualifying 'dul'

is é ordú = Is é an t-ordú - fágtar an t-alt intuigthe in amanna in abairtí mar seo - the article is left understood in sentences like this ocassionally

Restart Next ->