An Dolachán Feasa

Samplaí

Caibidil 18

ID: 2646

Comhréir an Ainm Bhriathartha
18.35
Dónall a bheith i ngrá, an ea?

Briseadh/ Breakdown
Úsáidtear an abairtín ainm bhriathartha le fíric a sheiceáil - a verbal noun is used to check the truth.
Dónall - ainmfhocal - gníomhaí an ainm bhriathartha 'bheith'
bheith - ainm briathartha an bhriathair 'bí'
i ngrá - abairtín a léiríonn staid an ghníomhaí
an ea? - clibcheist le fírinne ráitis a sheiceáil - tagquestion to test the truth of a statement
an - an chopail, foirm cheisteach - copula interrogative form
ea/eadh - forainm neodrach a sheasann don abairtín ar fad 'Dónall a bheith i ngrá'

Caibidil 18

ID: 2647

Comhréir an Ainm Bhriathartha
18.35
mo mhac féin a dhéanamh spiaireachta orm!

Briseadh/ Breakdown
Úsáidtear abairtín ainm bhriathartha in intriacht - verbal noun phrases are used in exclamations.
mo mhac féin - gníomhaí an ainm bhriathartha 'déanamh - agent of the verbal noun 'déanamh'
a(do) - réamhfhocal a cheanglaíonn an gníomhaí den ainm bhriathartha - preposition tying th verbal noun to its agent
dhéanamh - ainm briathartha an bhriathair 'déan' - verbal noun of the verb 'déan'
spiaireachta - ainmfhocal sa ghinideach mar chuspóir an ainm bhriathartha 'déanamh' - noun in the genitive mar object of the verbal noun 'déanamh'
orm - forainm réamhfhoclach, 1ú, uatha - prepositional pronoun, 1st, singular

Pointe suime/ Point of interest
Eilimintí: mac, déanamh, spiaireacht, orm
mac: an gníomhaí
a dhéanamh: gníomh a cheangal den ghíomhaí
spiaireachta: spiaireacht a cheangal de 'dhéanamh'
orm: ar + mé - an té ar díríodh an obair air a cheangal den abairtín 'a dhéanamh spiaireachta'

Restart Next ->