8.33
AN CHÉAD DÍOCHLAONADH
Caolaítear an t-ainmneach uatha chun an ginideach uatha a dhéanamh.
De réir rialacha 6.2 a dhéantar an caolú de ghnáth.
Seo na pointí leithleacha
- déantar -i- de -ea- i gcoitinne:
- fear, fir.
- déantar -éi- de -ia- in aonsiollaí i gcoitinne:
- cliabh, cléibh.
- déantar -gh de -ch i ndeireadh an fhocail i gcoitinne:
- marcach, marcaigh
- cléireach, cléirigh
- dúch, dúigh.
Tá dornán d'aonsiollaí eisceachtúla ann áfach.
Is iad seo a leanas na príomh-infhillteacha:
ain. u. gin. u. ain. iol. gin. iol.
1 crann crainn crainn crann
2 úll úill úlla úll
3 ceol ceoil ceolta
4 glór glóir glórtha
5 orlach orlaigh orlaí
6 cogadh cogaidh cogaí
7 bás báis básanna60
I ngach ceann de na seacht liosta seo a leanas infhilltear gach focal mar a
infhilltear an focal a bhfuil cló trom air ag barr an liosta.
1 crann:
- aonsiollaí:
- abhac,
- alt,
- arm,
- bád,
- ball,
- banbh,
- béal,
- bonn,
- bord,
- brat,
- breac,
- Brian (gin. Briain),
- broc,
- carn,
- cat,
- ceann,
- clár,
- cliabh,
- cliant (gin. u., ain. iol. cliaint),
- clog,
- cnoc,
- colm,
- corn,
- corp,
- craos,
- dall,
- daol,
- daor,
- déach,
- dlúth,
- dúch,
- éan,
- fiach ( = seilg gin. u., ain. iol. fiaigh),
- fód,
- fraoch (gin. u. fraoigh),
- gabhar,
- gadhar,
- Gael,
- gas,
- gás,
- glas,
- gort,
- iasc,
- leabhar,
- mac (gin. u., ain. iol. mic),
- maor,
- meadhg (gin. u., meidhg),
- mol,
- naomh,
- ord,
- peann,
- poc,
- poll,
- port,
- post,
- punt,
- roc,
- sac,
- scolb,
- scór (eang),
- seabhac,
- sop,
- stát,
- tarbh,
- tor,
- uan
- ilsiollaí dar críoch -án, -éad, -éal, -éan, -éar, -íoch, -s (leathan), -ún,
-úr:
- cosán,
- blaincéad,
- buidéal,
- fíréan,
- páipéar,
- gaiscíoch,
- oideas,
- galún,
- casúr
Le díochlaontaí eile a bhaineann corr-ainmfhocal firinscneach dar críoch -s
leathan.
- ilsiollaí dar críoch -ach:
- bairneach,
- biseach,
- brollach,
- cabhlach,
- Caitliceach,
- ceannach,
- cléireach,
- clúdach,
- cnuasach,
- cuardach,
- deatach,
- Domhnach,
- fásach,
- féarach,
- gearrcach,
- iascach,
- mianach,
- misneach,
- réiteach,
- ronnach,
- Sasanach,
- smólach,
- teaghlach,
- teallach,
- agus ainmfhocail arb ionann a bhfoirm agus foirm aidiachta:
- tairiseach,
- táscach
- na huimhreacha triúr, ceathrar, ... deichniúr, milliún.
- mórán ilsiollaí eile:
- acadamh,
- aspal,
- dearmad,
- easpag,
- éigean,
- focal,
- foirgneamh,
- fómhar,
- galar,
- gandal,
- iarann,
- imeall,
- iolar,
- ionad,
- miotal,
- misean,
- muineál (gin. u., ain. iol.muiníl),
- pinsean,
- sagart,
- scamall,
- sinsear,
- sóisear
2 - úll
- ard,
- barr,
- beart,
- bruas,
- cág,
- caonach,
- ceap,
- ceart,
- cleas,
- cnag,
- cneas,
- cor,
- cuas,
- cuibhreach,
- déad,
- each (gin. u. eich),
- earc (gin. u. eirc),
- féar,
- fiach (= éan gin. u. fiaigh),
- fiach(= airgead atá dlite ó dhuine gin. u. féich),
- fial,
- fras,
- giall,
- gob,
- íol,
- léamh,
- liach (= osna gin.u. liach),
- lúth,
- maoileann,
- maol,
- más,
- nod,
- riasc,
- sábh,
- séan,
- slán,
- tásc,
- tús
3 ceol
aonsiollaí ina bhfuil guta fada nó défhoghar agus dar críoch -l, -n de
ghnáth:
- ál,
- aol,
- aon,
- bán,
- baol,
- braon,
- caol,
- céad,
- claon,
- cuan,
- dán,
- díon,
- dún,
- fál,
- faol,
- gaol,
- geall,
- léan,
- líon,
- lon,
- lón,
- meall,
- míol,
- néal,
- raon,
- rian (gin. u. riain),
- rón,
- saol,
- scéal,
- seál,
- seol,
- síol,
- siúl,
- sleán,
- srian (gin. u. sriain),
- stól,
- trian (gin. u. triain).
4 glór:
- múr,
- pór,
- scór (fiche),
- stór,
- tuar.
5 orlach
- árthach,
- bealach,
- cladach,
- éadach,
- mullach,
- soitheach.
6 cogadh
- áladh,
- angadh,
- bealadh,
- boladh,
- bunadh,
- caladh,
- coinmheadh,
- confadh,
- cotadh,
- crábhadh,
- cuireadh,
- deabhadh,
- deascadh,
- deireadh,
- fionnadh,
- fosadh,
- foscadh,
- gaorthadh,
- geimhreadh,
- ionadh,
- ionradh,
- magadh,
- margadh,
- rabhadh,
- samhadh,
- samhradh,
- silleadh,
- siorradh,
- sitheadh,
- spionnadh,
- tinfeadh,
- troscadh,
- tuismeadh.
Ach maidir le hainmfhocail dar críoch -adh, agus a dhíorthaítear ó bhriathra
(cleachtadh, díspeagadh, seoladh, etc.) féach 8.44.
7 bás
- blás,
- blús,
- bun,
- cab,
- carr,
- cás,
- ciúb,
- clab,
- corr (- cúinne,
- ciumhais),
- dos,
- frog,
- gléas,
- gnás,
- gnéas,
- luas,
- marc,
- nós,
- pas,
- ponc,
- rós,
- sás,
- sos,
- spás,
- spórt,
- stad,
- taobh,
- tasc
Tréaniolraí éagsúla:
- aonach, aontaí
- balsc, -aí
- cúram, cúraimí
- figiúr, figiúirí
- leanbh, leanaí
- soláthar, soláthairtí
- toradh, torthaí
- leigheas, leigheasanna
- praghas, praghsanna
- saghas, saghsanna
- bóthar, bóithre
- cloigeann, cloigne
- craiceann, craicne
- doras, doirse
- dorn, doirne
- éigeas,
- éigse
- leiceann, leicne
- solas, soilse
cineál, -acha
- coinníoll, -acha
- leagan, -acha
- léas (solas), -acha
- tobar, toibreacha
- claíomh, claimhte
- drámh, dráite
- mámh, máite
- muileann, muilte
- scaitheamh, scaití
- smaoineamh, smaointe
- talamh, gin. u. talaimh (f) nó talún (b), iol. tailte
- breitheamh, breithiúna
- fealsamh, fealsúna
- ollamh, ollúna
- briathar, briathra
- gníomh, -artha
- laoch, gin. u. laoich, iol. -ra.