An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

9.25
Ní úsáidtear an ginideach sna cásanna seo:
- ainmfhocal a bhfuil ginideach cinnte faoi réir aige:
- cóta mhac Sheáin
- hata fhear an tí
- pobal chathair Phort Láirge
- ag iarraidh iasacht mo ghunna
- tar éis thús gach bliana
- timpeall inneall bhus a dó.
- Ach
- Oíche na Féile Bríde
- deabhóid na Corónach Muire.

Ní bhaineann an riail seo le hainm briathartha a mbeadh cuspóir aige:
- lucht foghlamtha na Gaeilge,

- ná le múnlaí mar
- teach pobail Anagaire
- foireann leadóige na Fraince.

- ainmfhocal a bhfuil ginideach rannaíoch nó tabharthach rannaíoch faoi réir aige:
- ag déanamh mo chuid oibre
- bás cuid mhór acu
- ar son ceann de na náisiúin bheaga
- os cionn an chuid eile den tír