9.42, ach gur gnách an tabharthach rannaíoch nuair atá an téarma cáilithe:
- punt siúcra
- ach
- punt de shiúcra donn
- trí phionta bainne ach trí phionta de bhainne milis
- nó más sa ghinideach atá an focal cainníochta:
- spúnóg shiúcra.
- Ach
- lán spúnóige de shiúcra.
Tá claonadh ann an tabharthach a úsáid nuair atá an téarma éiginnte gan cháiliú ar lorg giota (éiginnte):
- giota de rópa
- ach
- an giota rópa seo.
Tá difríochtaí brí idir cliabh móna (dhá bhrí, 9.7n, 9.23):
- cliabh na móna (dhá bhrí)
- an cliabh móna (dhá bhrí)
- cliabh den mhóin
- cliabh de mhóin fhliuch
- cliabh den mhóin fhliuch.