9.44
Maidir le cé, ceachtar, neachtar, duine, ceann (aonad), dhá cheann, trí cinn,
etc. ceann nó dhó, dó nó trí, agus maoluimhir ar bith, an tabharthach a
úsáidtear leo:
- cé agaibh a rinne é?
- ceachtar de na leabhair
- suigh síos, nó neachtar acu, bí i do thost
- duine de na fir
- ceann de na capaill
- trí cinn de bheithígh [m'athar]
- seacht gcinn déag de chapaill rása [na Fraince]
- fiche a trí de na heitleáin sin
- ceann acu
- trí cinn díobh.
Tá samplaí eile le hainmfhocail éiginnte in 12.7. Mar an gcéanna ar lorg focal a
bhféadfaí duine, ceann, a chur ina n-ionad:
- bean de na mná
- lá de na laethanta
- dán de dhánta an tsaoil.