11.25
Tá breischéim ar leith ag cuid de na haidiachtaí.
Sa liosta seo a leanas tugtar an bhunchéim ar tús, agus ansin an bhreischéim:
- beag, lú
- breá, breátha
- dócha, dóichí
- fada, faide
- fogas, foisce
- furasta, fusa
- iomaí, lia
- ionúin,
- ansa nó ionúine
- maith, fearr
- mór, mó
- olc, measa
- te, teo
- tréan, treise nó tréine
- túisce.
Úsáidtear measa mar bhreischéim ar dona go minic:
- is dona an lá é ach ba mheasa an lá inné.
Úsáidtear measa le brí fearr sna frásaí is measa liom (leat, etc.):
- is maith liom eisean ach is measa liom thusa.