11.26
Úsáidtear an réamhfhocal ná ar lorg na haidiachta nuair a luaitear go
hindibhidiúil na daoine (nithe, grúpaí) atáthar a chur i gcomparáid.
Ní úsáidtear an ná seo in aon chás eile.
Má tá níos mó ná comparáid amháin ann baintear feidhm as an réamhfhocal ná athuair:
- beidh sí níos airde ná a máthair agus ná Cáit.