2.2
Tá saghsanna focal ann a dhéanann gnó dhá roinn chainte san am céanna.
Ainm Briathartha:
focal a bhfuil feidhm ainmfhocail agus feidhm briathair aige:
- is fearr teacht anois.
Aidiacht bhriathartha:
focal a bhfuil feidhm aidiachta agus feidhm briathair aige:
- tá sé léite agam.
Forainm Réamhfhoclach:
focal a bhfuil feidhm forainm agus feidhm réamhfhocail aige:
- géill dom.
Aidiacht Shealbhach:
focal a bhfuil feidhm aidiachta agus feidhm forainm aige:
- mo dhán.
Foirm tháite de bhriathar:
focal a bhfuil feidhm briathair agus feidhm forainm aige:
- táim (tá mé)
- d'éirímis
- éist.
Cumasc:
dhá mhionfhocal (nó níos mó) agus iad táite le chéile:
- dá (de nó do + a)
- lena (le + a)
- fear darbh ainm Pól (Darb = do + forainm coibhneasta + an chopail).