2.3
Téarmaí eile
Abairt:
aonad d'fhocal amháin nó de ghrúpa focal a dhéanann ciall iomlán
gramadaí.
Ábhar Cainte is Faisnéis:
Bíonn dhá eilimint i ngach abairt de ghnáth, ábhar cainte agus faisnéis:
- rith sé.
Ach is féidir an dá eilimint a bheith in aon fhocal amháin:
- siúlaimis
- éirigh.
Uaireanta bíonn ceann amháin den dá eilimint ar lár ach intuigthe:
- Dúirt mé leis imeacht. D'imigh [sé].
- Cé a bhí ann? Seán [a bhí ann].
- [Go raibh] slán leat.
Feach freisin (15.29-35).
- an t-ábhar cainte: an duine (rud) atá i gceist in abairt nó i gclásal. Is ainmfhocal
(nó a chothrom) lena chuid cáilitheoirí aitreabúideacha an t-ábhar cainte:
- chodail Diarmaid
- is ainmhí maith an gamhain sin.
An tAinmní:
Tugtar an t-ainmní ar phríomh-ainmfhocal an ábhair cainte (nó ar a chothrom):
- Diarmaid
- gamhain (thuas). Is minic a thugtar an t-ainmní ar an ábhar cainte iomlán.22
Aistreach is Neamhaistreach:
Aistreach:
focal a bhféadfadh cuspóir gabháil leis, cibé acu atá an cuspóir luaite nó nach
bhfuil, tá sé aistreach:
- abair amhrán
- canann sé go maith
- amhrán a rá
- tá an t-amhrán ráite aige.
Neamhaistreach:
Briathar (ainm briathartha, aidiacht bhriathartha) nach féidir cuspóir
a chur leis tá sé neamhaistreach:
- tagaim
- teacht
- tagtha.
Clásal:
abairt atá nasctha le habairt eile:
- d'imigh Seosamh ach d'fhan Ciarán
- éirigh agus siúil.
Uaireanta bíonn frása nó ainm briathartha cothrom le clásal maidir le feidhm.
Cuspóir:
má dhéantar gníomhú ar dhuine (rud) éigin, tugtar an cuspóir ar an ainmfhocal
(nó ar a chothrom) a sheasann don duine (rud) sin. Gabhann cuspóir le mórán
briathra, ainmneacha briathartha agus aidiachtaí briathartha:
- Cheannóinn bád
- Is fearr bád a cheannach
- Tá bád ceannaithe agam.
Faisnéis:
An fhaisnéis:
foca(i)l a léiríonn an t-eolas a thugtar (a shéantar, a lorgaítear) faoin ábhar
cainte. An briathar an chuid is tábhachtaí den fhaisnéis go hiondúil.
Ní gnách an chopail a áireamh mar chuid den fhaisnéis, áfach:
- chodail an leanbh
- léigh Máirín an leabhar
- is mise an fear.
Forainmneach:
Tugtar forainmneach ar fhorainm nó ar aon fhocal a bhfuil feidhm forainm aige i
dteannta feidhme eile.
Le forainm pearsanta, aidiacht shealbhach, forainm réamhfhoclach agus foirm
tháite de bhriathar is mó a úsáidtear an téarma "forainmneach" sa leabhar seo.
Téarma an Fhorainmnigh:
Téarma an fhorainmnigh an focal a bhfeidhmíonn an forainmneach thar a cheann:
- Seán agus a mhac
- bean Sheáin agus a mhac.
Frása:
grúpa focal a bhfuil ceangal gramadaí eatarthu ach nach bhfuil aon bhriathar
ann.
D'fhéadfadh sé a bheith ainmfhoclach:
- ba chóir duit an pháirc a threabhadh
nó aidiachtach:
- an fear ar an gclaí
nó dobhriathartha
- tháinig sí lena fheiceáil
- tá sé mar sin.
Gníomhaí:
an t-ainmfhocal nó a chothrom a léiríonn an duine (an rud) a dhéanann gníomhú
briathair nó ainm bhriathartha nó aidiachta briathartha:
- d'éirigh Liam
- ní mór do Liam éirí
- níl Liam éirithe.
Treisfhocal:
forainm nó iarmhír a ghabhann le forainmneach lena threisiú:
- é féin
- orthu sin
- táimidne.