An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Ceacht

2.4
Saghsanna Clásal

Clásal Ainmfhoclach:
clásal a dhéanann gnó ainmfhocail:
- inseoidh mé duit cá bhfuil sé
- tá a fhios agam nár imigh sé.
- clásal aidiachtach: clásal a dhéanann gnó aidiachta aitreabúidí:
- sin é an fear ar dheisigh mé a rothar.23

Clásal Dobhriathartha:
clásal a dhéanann gnó dobhriathair nó aidiachta faisnéisí:
- níl sé san oifig mar tá sé tinn
- bhí mé mar a chonaic Dia mé.

Clásal Coibhneasta:
clásal ina bhfuil mír choibhneasta nó foirm choibhneasta briathair:
- an le scuab a dhathaigh tú é?
- nach inniu a phósfar iad?
- nach ard atá sé?
- tuigim a fheabhas a d'éirigh leis.

Fochlásal:
aon cheann de na saghsanna clásal atá mínithe thuas.

Uaschlásal:
an clásal dá ndéanann fochlásal gnó ainmfhocail (aidiachta, etc.).

Deirtear go bhfuil an fochlásal spleách ar a uaschlásal:
- abair liom cá bhfuil sé
- sin é an fear
- ar dheisigh mé a rothar
- níl sé san oifig mar tá sé tinn.

Príomhchlásal:
clásal nach bhfuil spleách ar aon chlásal eile.

Na trí shampla d'uaschlásal thuas, is príomhchlásail iad.

Féadann uaschlásal a bheith ina phríomhchlásal nó ina fhochlásal.

San abairt seo a leanas tá an dara clásal ina fhochlásal ag an gcéad chlásal
agus ina uaschlásal ag an tríú clásal:
- dúirt sé go labhródh sé dá ligfí dó.

Clásail Chomhordaitheacha:
clásail atá ar aon chéim san abairt.

D'fhéadfaidís a bheith ina bpríomhchlásail:
- d'éirigh sé agus thit sé
nó ina bhfochlásail agus iad spleách ar an uaschlásal céanna:
- tá a fhios agam go bhfuair sé an t-airgead ach gur chaill sé é.