2.5
Saghsanna Abairtí
An saghas abairte is bunúsaí, bíonn díreach príomhchlásal amháin inti agus gan
aon fhochlásal:
- tháinig sé isteach.
Abairt Shimplí:
Abairt shimplí a thugtar ar an saghas sin.
D'fhéadfadh níos mó ná príomhchlásal amháin a bheith in abairt:
- tá sí ina codladh nó tá sí marbh.
- Nó príomhchlásal amháin agus fochlásal amháin ar a laghad:
- síleann sé go n-éireoidh leis [má thugann sé faoi].
Nó níos mó ná príomhchlásal amháin agus fochlásal amháin ar a laghad:
- is eol dom cá bhfuil sé ina chónaí ach níl a fhios agam cad is ainm dó.