13.49
Léiríonn sin, ansin, eatramh measartha a bheith idir an cainteoir agus an rud
atá i gceist aige:
- áit (in aice an éisteora nó giota amach ón gcainteoir):
- cad é an rud é sin atá agat?
- tabhair dom an leabhar sin
- cé hé sin?
- fanaidís sin ansin.
Tá correisceacht ann:
- sin é agat mé i m'fhear cinn riain.
- am (tamall ó shin):
- cad é sin a dúirt tú?
- an abairt sin thuas
- sin é an rud a chuala mé
- idir sin is meán oíche
- roimhe sin
- ina dhiaidh sin
- meas (fuaráil):
- Tadhg Ó Sé sin
- gluaiseacht (ón gcainteoir):
- sin amach (isteach) é.