14.11
Na haimsirí leanúnacha.
Freagraíonn aimsir leanúnach do gach aimsir shimplí den táscach agus don
ordaitheach agus den choinníollach.
Mar shampla, sa láithreach leanúnach tá aimsir láithreach an bhriathair bí + ag
nó a (réamhfhocal) + ainm briathartha:
- tá Bríd ag rith
- an rud atáthar a dhéanamh
- agus san ordaitheach:
- bígí ag siúl.
Cuireann na haimsirí leanúnacha in iúl gur gníomhú leanúnach atá ann.