14.12
Na haimsirí foirfe
Tá dhá chineál d'aimsirí foirfe ann,
- cinn ina bhfuil an t-ainm briathartha
- agus
- cinn eile ina bhfuil an aidiacht bhriathartha.
Tá sraith d'aimsirí foirfe ag freagairt do na haimsirí simplí i ngach ceann den
dá chineál.
- Cuireann na haimsirí foirfe in iúl:
- an ngníomhú a bheith críochnaithe go díreach,
- nó
- uair éigin, roimh an am a léiríonn an briathar cúnta:
(leis ainm briathartha):
- tá Pól tar éis an doras a dhúnadh
(leis an aidiacht bhriathartha):
- tá an doras dúnta ag Pól.
Ní hionann brí don dá abairt thuas.
Sa chéad cheann
- tráchtar ar an ngníomh a rinne Pól ar an doras
- sa dara ceann
- tráchtar ar staid an dorais de bharr ghníomh Phóil.
Tá sraith d'aimsirí leanúnacha foirfe (leis an ainm briathartha) ann freisin
(18.21):
- tá mé tar éis bheith ag léamh an fhógra.