15.57
Cuirtear cead in iúl le leaganacha mar seo:
- Ar mhiste leat mé a dhul? Ní miste
- Ar mhiste dom a fhiafraí díot..? Ní miste
- Mura miste leat é inseoidh mé an t-iomlán duit.
- a chead aige teacht isteach
- is ceadaithe di é
- ní cheadóinn ar ór an domhain é
- cheadaigh Dia é a imeacht
- níor cheadaigh tú mé (= níor iarr tú mo chead).
- lig do Sheán dul isteach (= ná cuir stop leis).
Is mór idir an abairt dheireanach sin
agus an t-ordú
- téadh Seán isteach,
áit nach bhfuil toil Sheáin i gceist.
- féadfaidh sí teacht lá ar bith feasta
(= tá cead aici teacht -- nó b'fhéidir go dtiocfadh sí).