An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

16.25
Abairtí Oibiachtúla agus Abairtí Suibiachtúla

An té a deir
- is gearr é,
- is fada é,

tugann sé le tuiscint go bhfuil an faisniú
neamhspleách ar thuairimí daoine,
gur fíoras atá sé a insint.

Abairtí oibiachtúla a thugtar ar abairtí mar sin.

Ach nuair a deir sé
- is gearr liom é,
- is fada le Gearóid é,
ní fíoras ach tuairim
(a thuairim féin nó tuairim Ghearóid)
i dtaobh fhad an ainmní atá i gceist.

Abairtí suibiachtúla iad sin.

An bhrí shuibiachtúil seo a ghabhann leis an réamhfhocal

le,

ní gnách í a bheith ag gabháil le réamhfhocail ar bith eile seachas

ag:
- ba bheag aige siúd bréag
- is mór agam a ndearna tú ar mo shon.