4.7
Séimhítear an túschonsan de ghnáth nuair atá an t-ainmfhocal nó an t-ainm
briathartha faoi réir ag an réamhfhocal ar:
- ar bhád
- ar bhealach
- ar bhord (= ar thábla)
- ar chaoi
- ar chor ar bith
- ar chuntar
- ar dheis
- ar dhóigh (= ar shlí)
- ar dhul amach
- ar fhaitíos
- ar fheabhas
- ar mhodh
- ar shiúl (= imithe)
- ar theacht abhaile dom.