An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

4.21
Séimhiú ar Aidiacht:

Séimhítear aidiacht aitreabúideach ar lorg a hainmfhocail go hiondúil:
- más focal baininscneach uatha nach ginideach a hainmfhocal:
- tá (feicim) an bhean dhubh chéanna ag filleadh
- don spideog bheag bhídeach
- a Mháire Bhán
- costas an fiche (tríocha, etc.) bó bhán
- meáchan an dara (tríú, etc.) caora bheag
- trí fichid feirm mhór
- ag déanamh obair mhaith

- más firinscneach uatha sa ghinideach nó sa ghairmeach a hainmfhocal:
- bás Sheáin Mhóir
- bréagán an gharsúin bhig
- muintir an tí ósta mhóir
- a fhir bhig
- a dhuine chroí (chléibh)

- más iolra dar críoch consan caol a hainmfhocal:
- tá (feicim) na fir mhóra chéanna ag obair
- leis na heitleáin dhearga
- do na lachain fhiáine
- ag canadh amhráin Ghearmáinise

- más beirt an t-ainmfhocal atá á cháiliú aici:
- beirt bheaga

- má tá beirt á cháiliú ag ainmfhocal chomh maith le haidiacht:
- an bheirt fhear (bhan) bheaga
- neart bheirt fhear (bhan) mhóra

- má tá a hainmfhocal san uatha agus é á cháiliú ag bunuimhir ó dhá go naoi...
déag:
- dhá (trí, ... deich) naomhóg dhubha
- luach an dá shiopa mhóra
- luach na dtrí (gceithre ... naoi) long déag mhóra
- ar lorg idir i gcás comhairimh:
- páistí idir bheag agus mhór.