22.8
Mar sin féin is minic nach ndéantar an réamhfhocal a athrá:
- trí shioc agus shneachta
- roimh Dhia nó Mhuire
- ó shagart ná dhochtúir
- gan fios fáth ná siocair.
Agus ní ceart é a athrá má d'athródh sin an bhrí:
- idir na páistí agus na fir
- meascán de ghaineamh agus stroighin
- murach Niall agus Eoin.