An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

22.18

Frásaí réamhfhoclacha mar ainmní:
- b'fhearr duit gan fanacht

- mar fhaisnéis:
- ar an bportach an áit is teo inniu

- mar chuspóir:
- dhíol sé idir theach agus thalamh

- faoi réir ag réamhfhocal:
- tá sí anseo ó roimh Nollaig

- le feidhm ginidigh:
- táimid chun gan é a dhíol

le feidhm aidiachta (iad aitreabúideach):
- fear gan mhaith is ea é
- duine le Dia a bhí ann
- tabhair cuid den mhil dom.

Is frásaí dobhriathartha formhór na bhfrásaí réamhfhoclacha:
- chuir Tomás a anam i mbaol ar mhaithe liomsa
- (dhá shampla san abairt seo).