An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

22.19

An Réamhfhocal Comhshuite

Frásaí réamhfhoclacha ar leith atá sna réamhfhocail chomhshuite.

Réamhfhocal simplí + ainmfhocal is múnla dóibh de ghnáth.

Is iad seo a leanas na cinn is coitianta:
- ar aghaidh (bhéala, chúl, feadh, fud, lorg, nós, scáth, son, tí)
- as ucht
- d'ainneoin,
- d'fhonn,
- d'uireasa
- de bharr
- (bhuíochas, cheal, chois, chóir, dheasca, dhíobháil, dhroim, réir, thairbhe)

Is gnách an réamhfhocal simplí
de

a fhágáil ar lár roimh
cheal:
- theip orm cheal airgid.
Ach
- dá cheal.
- faoi bhráid ( bhun, cheann, choinne, chomhair, dhéin)
- gan fiú
- go ceann,
- go fiú
- i bhfeighil
- (bhfianaise,
- bhfochair,
- bhfogas,
- bhfoisceacht,
- dtaobh,
- dteannta,
- dtrátha,
- dtuilleamaí,
- gcaitheamh,
- gceann,
- gcleithiúnas,
- gcoinne,
- gcomhair,
- gcosamar,
- gcuideachta,
- gcúl,
- lár,
- láthair,
- leith,
- mbun,
- measc,
- ndiaidh,
- ngiorracht,
- rith)
- in aghaidh
- (aice,
- áit,
- airicis,
- éadan,
- imeacht,
- ionad)
- le cois
- (haghaidh,
- hais,
- linn,
- taobh)
- os cionn
- (coinne,
- comhair)
- tar éis,
- thar ceann.

Tá difríocht brí idir
thar ceann (réamhfhocal comhshuite)
agus
thar cheann:
- chuaigh an bhanaltra thar ceann an dochtúra
- chuaigh an piléar thar cheann an dochtúra.