32.10
Ní dhéantar aon athrú ar bhriathar an chéadbhirt sa chlaoninsint ná ní
athraítear an t-iarbheart ach de réir na ngnáthrialacha (15.23-28).
Cuirtear
dá
in áit
má
sa chlaoninsint ar chéadbheart oscailte nuair atá am fáisteanach i gceist...
chéadbheart oscailte nuair atá am fáistineach i gceist, ach dá bharr sin
tarlaíonn uaireanta go mbíonn athbhrí ag gabháil leis an gclaoninsint sa mhéid
nach féidir a rá cé acu má nó dá a bhí san insint dhíreach.
Mar shampla, is féidir dhá insint dhíreacha a chur ar an abairt seo a leanas:
- dúirt Éamann go rachadh Eibhlín ag snámh dá dtriomódh sé.
- "Rachaidh Eibhlín ag snámh má thriomaíonn sé," ar seisean.
- "Rachadh - Eibhlín ag snámh dá dtriomódh sé," ar seisean.
Gabhann athbhrí le clásail dar tús mura sa tslí chéanna.
Mar shampla, is féidir an dá insint dhíreacha seo a leanas a chur ar an abairt:
- chuala mé go dteipfeadh ar Threasa
mura ndéanfadh sí a dícheall.
- Teipfidh ar Threasa
mura ndéanfaidh sí a dícheall.
- Theipfeadh ar Threasa
mura ndéanfadh sí a dícheall.